Fúinn

Tháinig an sprioc atá ag ár gcuideachta chun sainréitigh ardchaighdeáin teicniúla a chur ar fáil mar aon le hábhair shonracha don earnáil foirgníochta, ón dúil mhór atá againn sa bhfoirgníocht agus san ailtireacht éighníomhach.

Bunaíodh an chuideachta ón bhfís a spreagadh as díograis Hugh Whiriskey, a chonaic fás ag teacht ar earnáil na foirgníochta do Thithe Éighníomhacha in 2011, margadh ina raibh líon teoranta soláthraithe agus deis chun táirgí teicniúla níos speisialaithe agus níos nuálaí a chur ar fáil don earnáil ísealfhuinnimh.

Anois, táirgíonn agus soláthraíonn Partel réitigh theicneolaíocha ardfheidhmíochta chun cuidiú le cruthú foirgneamh cónaithe agus tráchtala atá níos éifeachtúla agus atá inmharthanach.

Bunaithe in Iarthar na hÉireann, tá fás tapa agus sláintiúil tagtha ar an gcuideachta. Faoi láthair, tá láithreacht ag Partel i 4 réigiún: Éire, RA, Meiriceá Thuaidh, agus le gairid ar mhór-roinn na hEorpa. Cuireann an chuideachta réimse leathan do Chórais Aerdhíonacha agus Ghaothdhíonacha ar fáil d’earnáil na foirgníochta glas. Tá VARA, IZOPERM, EXOPERM, ALMA-T, CONIZO and CONEXO ar chuid de na brandaí is mó a bhfuil aithne orthu agus a úsáidtear in earnáil na tógála. Áirithe iontu sin, i measc nithe eile, tá scannáin inanálaithe monailiotacha, téipeanna aerdhíonacha agus gaothdhíonacha, réitigh do dhroicheadú teirmeach agus greamacháin a fheabhsaíonn éifeachtúlacht fuinnimh.

In 2013, fuair Partel na cearta iomlána a bheith ina sholáthraí do LUNOS in Éirinn agus sa RA araon. Faoi láthair, is é LUNOS an ceannaire margaidh domhanda do sholáthar córas aerála díláraithe d’fhoirgnimh chónaithe agus thráchtála.

Leis an ráta d’ídiú fuinnimh atá ann faoi láthair agus an ráta a mbeidh sé ag ardú go leanúnach sna deich mbliana seo romhainn, caithfimid dul i dtreo foirgníochta a bheidh níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos cliste. Éifeachtúlacht an réiteach – Coigil an fuinneamh. Tóg go Cliste. Chun éifeachtúlacht a bhaint amach agus a choinneáil, caithfimid níos lú fuinnimh a ghiniúint agus i gcás an fhuinnimh a chaithfimid a úsáid, caithfimid é a úsáid níos cliste.

Táimidne ag Partel, ag méadú ár bpunann go leanúnach le córais nuálacha a spreagann agus a athraíonn tionscal na tógála glas ó bhun.

Tá sármhaitheas teicniúil mar chroílár i bhforbairt ár dtáirgí, tacaímid le nuálaíocht trí fhócas tiomanta, ní amháin ar an inmharthanacht ach ar an bhfeidhmíocht chomh maith.” – Hugh Whiriskey, Stiúrthóir agus Bunaitheoir, Partel